100 leabhar Gaeilge molta do léitheoirí óga le linn Sheachtain na Gaeilge
“Is tosaíocht í do líon mór daoine fásta in Éirinn inniu an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile, bíodh sin má tá cúpla focal acu, má labhraíonn siad Gaeilge sa bhaile, nó fiú muna bhfuil aon taithí acu leis an teanga cheana.” B’shin a dúirt Laureate na nÓg, Patricia Forde, agus í ag seoladh ‘Treoirleabhar Léitheoireachta 2025’ inniu (28.02.2025) roimh Sheachtain na Gaeilge.
Is comhthogra é an Treoirleabhar Léitheoireachta idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge, ina bhfuil leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, neamhfhicsean agus cnuasaigh filíochta, greannáin agus ficsean do luathdhéagóirí, an bealach ar fad suas go ficsean d’aosaigh óga. Tá cóipeanna den treoirleabhar ar fáil in 91 siopa leabhar agus 36 leabharlann ar fud na tíre agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce ar www.childrensbooksireland.ie agus www.loveleabhargaeilge.ie.
Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt Forde:
‘Tá Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 lán le moltaí do 100 leabhar iontach a spreagfaidh léitheoirí óga suas le hocht mbliana déag d’aois leabhar Gaeilge a léamh. Agus mé ag obair le Leabhair Pháistí Éireann i mo ról mar Laureate na nÓg, creidim gurb í an léitheoireacht ceann de na bealaí is fearr le tosú ar theanga a fhoghlaim. Is féidir linn focail nua a aimsiú sna leathanaigh le cabhair ó léaráidí nó rannta agus muid go hiomlán tógtha le scéal úrnua.
‘Is iad na leabhair seo an bealach is fearr leis an nGaeilge a chur chun cinn agus í sothuigthe, agus le haistear teanga an duine óig a thosú nó a choimeád ag dul.’
Dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann: ‘In Éirinn, tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil slua fíorchumasach againn d’ealaíontóirí a scríobhann agus a mhaisíonn leabhair do léitheoirí óga sa dá theanga náisiúnta. Agus Seachtain na Gaeilge ag teannadh linn, tá deis iontach againn ardán a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge do pháistí agus daoine óga, ó phictiúrleabhair spleodracha go húrscéalta grafacha do dhéagóirí. Tá súil againn go mbeidh an rogha seo de 100 leabhar iontach ina mhéar eolais do theaghlaigh agus múinteoirí, len iad a threorú ar a n-aistear teanga.’
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: ‘Tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge in Éirinn. Ba bhealach an-éifeachtach é a bheith ag comhoibriú le Leabhair Pháistí Éireann chun tábhacht an treoirleabhair nua seo le 100 leabhar iontach as Gaeilge a léiriú. Tugann ár bhfís choiteann, chun réimse na leabhar Gaeilge ar ardchaighdeán do pháistí agus daoine óga a chur chun cinn, deis dúinn teacht le chéile agus ardán a thabhairt do scoth na scríbhneoirí, aistritheoirí, foilsitheoirí agus maisitheoirí Gaeilge tríd na leabhair iontacha seo.’
Tá Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 ar fáil i siopaí leabhar agus leabharlanna ar fud na tíre, le leagan ar féidir a íoslódáil ar www.childrensbooksireland.ie agus www.loveleabhargaeilge.ie Is comhthogra é seo idir Foras na Gaeilge agus Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge.
CRÍOCH
Teagmháil: Julie Sherlock / Courtney Kearns, Alice Public Relations, Ríomhphost: media@alicepr.com / Fón 0044 7834 776519/ 00353-83-0713503
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Tá Patricia Forde, Laureate na nÓg, ar fáil le haghaidh agallaimh.
Grianghraif
- Is féidir seatanna cinn de Patricia Forde agus ealaín ó Threoirleabhar Léitheoireachta 2025 a íoslódáil
Maidir le Leabhair Pháistí Éireann | Is í Leabhair Pháistí Éireann an eagraíocht náisiúnta carthanachta agus ealaíne a chosnaíonn agus a chuireann chun cinn an ceart atá ag gach páiste grá don léitheoireacht a fhás agus a fhorbairt. Tá sé mar aidhm acu grá don léitheoireacht a spreagadh i bpáistí agus daoine óga in Éirinn, a gcuid saoineolais a roinnt leis na daoine fásta a threoraíonn iad agus a théann i gcion orthu, tacú leis an gceart atá ag gach páiste teacht ar leabhair agus imeachtaí litríochta iontacha agus tacú leis na healaíontóirí a chuireann ar a gcumas an cuspóir sin a chur i gcrích ar fud na hÉireann.
Suíomh gréasáin: childrensbooksireland.ie