Scéim Miondeontas Colmcille 

Tá an Scéim Miondeontas ann le cuidiú comhthionscnaimh agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir lucht labhartha Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban.    
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
18 Nollaig 2024

Scéim Miondeontas Colmcille

Le haghaidh tionscnamh nó comhpháirtíocht le hAlbain a chur chun cinn.

Is féidir cur isteach ar an scéim seo in am ar bith. Níl spriocdháta ag an scéim.

Cúlra Colmcille

Is comhpháirtíocht é Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain. Tá aidhm ag Colmcille caidreamh agus comhoibriú a chothú idir cainteoirí Ghaeilge na hÉireann agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban, agus an dá phobal teanga a neartú.

Tá trí scéim maoinithe ag Colmcille:

  1. An Scéim Miondeontas le taighde a dhéanamh agus le comhthionscnaimh a phleanáil
  2. An Scéim Tionscadal le tionscadail a mhaoiniú (príomhscéim deontas Colmcille)
  3. An Scéim Sparánachta le cuidiú le daoine Gaeilge na hAlban a fhoghlaim

Má tá tú ag iarraidh tionscnamh a fhorbairt le comhpháirtí in Albain, nó a bhainfeas le Gaeilge na hAlban, tá an Scéim Miondeontas seo ann le cuidiú comhthionscnaimh agus comhpháirtíocht a fhorbairt.

Nuair a bheidh an chomhpháirtíocht agus an plean tionscnaimh aontaithe faoin Scéim Miondeontas, is féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Tionscadal Colmcille, príomhscéim deontas Colmcille, a thugann leibhéal tacaíochta níos airde, má bhíonn sin de dhíth.

Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh is féidir leat comhairle a lorg ó oifigigh Colmcille ag Foras na Gaeilge sula líonfaidh tú foirm iarratais na scéime.

240220 Scéim Miondeontas Foirm 2024

Scéim Miondeontas Colmcille treorlínte

Cumhdach ~ Safeguarding (Ó Dheas)

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh