Ráiteas ó Fhoras na Gaeilge maidir ceadú Phlean Gnó 2025, 11 Aibreán

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh fhaomhadh Phlean Gnó 2025 ag cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha inné, 10 Aibreán 2025.   

Cuirfidh an faomhadh seo ar ár gcumas aisiompú a dhéanamh ar na ciorruithe ar scéimeanna agus deontais a d’fhógair Foras na Gaeilge ag tús 2025. 

Cuirfear tús leis an obair seo láithreach agus é mar aidhm againn tacú le tionscadail agus scéimeanna a bhí curtha ar ceal nó gearrtha siar don bhliain sa chás go bhfuil sin indéanta. 

Beimid i dteagmháil le deontaithe agus le heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú uainn a luaithe agus is féidir. 

Cuirimid fáilte roimh athcheapadh Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin (05/05/2025 - 04/05/2030) agus roimh chúigear comhaltaí boird, Freda Nic Giolla Chatháin (05/05/2025 - 04/05/2030), Ola Majekodunmi (10/04/2025 - 09/04/2030), Dáithí Mac Cárthaigh (10/04/2025 - 09/04/2030), an Dr. Neasa Ní Chiaráin (10/04/2025 - 09/04/2030) agus Liam Rushe (10/04/2025 - 09/04/2030). Rinneadh dhá cheapachán nua ar an mBord freisin: Eoghan Mac Cormaic (10/4/2025 - 9/4/2030) agus Rhíannon Nic Fealóin (10/4/2025 - 9/4/2030). Ainmníodh an Comhalta Boird reatha, Maighréad Ní Chonghaile ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord.  

Cinnteoidh na ceapacháin go mbeidh an cheannaireacht chuí againn do na blianta tábhachtacha atá amach romhainn le Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge a chur i bhfeidhm.  

Foilseofar Treo Straitéiseach 2025-2030 ar an 15 Aibreán 2025.